Scríbhneoir agus iriseoir ó Thuaisceart Éireann é Martin Dillon. Chaith sé ocht mbliana déag ag obair don BhBC, agus é i ndiaidh roinnt úrscéalta agus drámaí a chumadh. Mar sin féin, is iad a chuid leabhar faisnéise agus tuairisceoireachta is mó a thuill a chlú dó. B'é an leabhar ''Shankill Butchers'' ba mhó a bhí i mbéal an phobail, ach nuair a foilsíodh í, thosaigh na sceimhlitheoirí Protastúnacha á imeaglú le bagairtí. Le teacht slán ó na sceimhlitheoirí, chuaigh sé ar imirce, ar dtús go dtí an Fhrainc, agus níos déanaí go dtí na Stáit Aontaithe.
Arna chur ar fáil ag Vicipéid