Torthaí cuardaigh - Baum, L. Frank

L. Frank Baum

Scríbhneoir Meiriceánach a rugadh i Chittenango, Nua-Eabhrac ab ea Lyman Frank Baum (15 Bealtaine 18566 Bealtaine 1919). Scríobh sé leabhair do pháistí. Tá clú faoi leith ar an leabhar sin leis ''The Wonderful Wizard of Oz''.

Ba as Cúige Uladh dá mhuintir siar. Cheannaigh a athair meaisín beag clóbhuailte agus thosaigh sé féin agus a dheartháir ag dó a nuachtáin féin, The Rose Lawn Home Journal, agus é cúig bliana déag d'aois. Bhí spéis nach beag aige san amharclannaíocht agus thóg a athair amharclann dó agus é 20 bliain d'aois. Ba é an chéad saothar liteartha a scríobh sé dráma dar teideal Man of Arran, ceoldráma a bhunaigh sé ar an leabhar Princess of Thule agus a lonnaigh sé in Éirinn. Léiríodh an dráma sin ina amharclann féin agus é ag aisteoireacht ann. Foilsíodh The Wonderful Wizard of Oz sa bhliain 1900 i gcomhar leis an maisitheoir leabhar W. W. Denslow. Bhí an-ráchairt ar an leabhar agus scríobh sé seacht gcinn déag de leabhair eile faoin áit sin ar ar thug sé Oz. Scríobh sé go leor leabhar eile nach raibh aon bhaint acu le Oz, go leor díobh faoi ainmneacha cleite. Cailleadh é sular bhain sé trí bliana agus trí scór d'aois amach. Arna chur ar fáil ag Vicipéid
  • 1 - 1 toradh as 1 á dtaispeáint
Beachtaigh na torthaí
  1. 1

    El mago de Oz de réir Baum, L. Frank

    Foilsithe / Cruthaithe 2004